Lúthchleasaíocht

Lúthchleasaíocht Traic- 28/05/2018

Bhí lá eile an-taitneamhach againn i Seantraibh Dé Luain 28 Bealtaine. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus na iomathóirí ar bís a bheith páirteach sa lá traic. Moladh mór tuillte ag Ruth Ní hAoláin a bhain an bonn cré-umha amach sa rás 80m Faoi 12.

D’éirigh le 6 fhoireann as 8 dul chomh fada leis an gcraobh. Éacht iontach í seo. Bhain na cailíní Faoi 10 an bonn airgid amach sa craobh agus tháinig na buachaillí F14 sa 3ú háit. Comhghairdeas leo uilig.

Mile buíochas leis an Múinteoir Maoilíosa Ó Dubhthaigh agus an Múinteoir Máirín Ní Dhubhthaigh as na daltaí a thréanáil don lá.

F 10 Cailíní – Niamh Ní hAoláin, Grace Ní hAoidh, Alice Sinclaire, Emma Nic Leannáin, Kate Ní Cheallaigh.

F14 Buachaillí – Brendan Ó Cionnaith, Conal Ó Riain, Rian Cút, Rian Ó Braonáin, Brian Mac Aogáin.

………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………..

Lúthchleasaíocht Páirce – 21/05/2018

Comórtais Lúthchleasaíochta Chumann na mBunscol

Bhí comórtais lúthchleasaíocht páirce Chumann na mBunscol ar siúl i Seantraibh Dé Luain 21 Bealtaine. Comhghairdeas leis na hiomathóirí ar fad a ghlac páirt i Lá Páirce Sheantraibh. Ghlacadar páirt sna cliathrásanna, léimh fhada, léimt ard, caitheamh meáchain agus sa rás 600m. Thángadar abhaile le 7 mbonn agus iad an-sásta lena n-éacht! D’éirigh le gach páiste a ghlac páirt sa chliathrás an craobh a shroichint. Maith sibh a chailíní agus a bhuachaillí.

Torthaí 

Cliathrás F11 – Niamh Ní Aoláin – 2ú

Cliathrás F11 – Seán Ó Frighil – 3ú

Cliathrás F14 – Brendan ó Cionnaith – 3ú

Cliathrás F14 – Ingrid Ní Bhroin – 4ú

Léimt Fhada – Ted Ó hUigín – 2ú

600m F 11 – Éamon Ó Cionnaith – 3ú

600m F 12 – Ruth Ní hAoláin – 2ú

600m F 14 – Rian Ó Braonáin -  2ú

Beidh daltaí na scoile ag iomaíocht i Seantraibh arís an Luan seo chugainn nuair a bheidh na comórtais traic ar siúl.

CUARDACH



ROGHA TEANGA