6 Meitheamh 2018
Bhain iománaithe Ghaelscoil Thaobh na Coille an ceann is fearr amach i gcoinne Scoil Treasa, Teach na Giúise i bPáirc an Chrócaigh Dé Céadaoin 6 Meitheamh. Caitheadh an sliotar isteach ag 10am le tús a chur le craobh Chorn Johnston, Mooney & O’Brien agus bhí sé soiléar nuair a fuair Scoil Treasa cúl laistigh de cúpla nóiméad go mbeadh ar iománaithe na scoile iomaíocht a dhéanamh ar feadh 50 nóiméad chun an comórtas a bhuachaint. D’éirigh leis an nGaelscoil 5 phointe a fháil as a chéile sular scóráil Scoil Treasa a dara chúl. Bhíomar chun tosaigh ag leath ama 1.06 v 2.02 don Ghaelscoil.
Bhí Scoil Treasa chun tosaigh arís nuair a fuair siad cúl go luath sa dara leath. Fuair muintir Teach na Giúise 3 chinn as an gcéad 5 phointe eile agus bhí siad ag buachaint 3.05 i gcoinne 1.08. Cuireadh stop 7 nóiméad leis an gcluiche de bharr gortú d’Eamon Ó Cionnaith. Tógadh é go dtí an ospidéal dá bharr.
Bhí 10 nóiméad fágtha agus bhí Gaelscoil Thaobh na Coille cúl taobh thiar. Bhíomar sa suíomh seo cheana féin. Ait go leor ní raibh foireann na scoile ach cúilín chun tosaigh ag leath ama sa leath chraobh chomh maith – 2-06 v 3-02 i gcoinne Scoil Maelruain (Tamhlacht). Bhíomar cúl taobh thiar agus muid ag druidim isteach sa 10 móiméad deireanach. D’éirigh le foireann na Céime 1.04 a scóráil gan fhreagra leis an gcluiche a bhuachaint le 4 phointe.
Bhí an script léite againn cheana féin – bhí sé soiléar anois go rabhamar ar thóir cúl sa chraobh. Tháinig sé ó phoc saor, agus cé eile a bhí ann ach Captaen na foirne, Conal Ó Riain. Bhuail sé an eangach don dara uair ón imirt cúpla nóiméad níos déanaí agus bhí an chluiche buaite againn 3.08 v 3.05. Scóráil Laoch na hImeartha Conal 3.04 as an iomlán agus scóráil Breandán Ó Cionnaith 0.04. D’ardaigh an bheirt acu Corn Johnston Mooney & O’Brien in airde os comhair lucht féachana glórmhar na scoile. Bhí an craobh peile agus iomána buaite ag an bhfoireann seo agus is cinnte nach bhfuil Gaelscoil níos fearr ná muid sa chontae faoi láthair.
Comhgáirdeachas & míle buíochas le hOisín Mac Muiris & Máirín Ní Dhubhthaigh – traenálaithe