An Taoiseach

14 Meán Fómhair 2018

Buaileann Daltaí na Scoile leis an Taoiseach Leo Varadkar

Thug an Taoiseach Leo Varadkar  cuairt ar Mhéanscoil Oideachas le Chéile na Céime ar an Aoine an 14 MeánFómhair mar cheiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta an Daonlathais. Bhí grúpa daltaí ó bhunscoil Oideachas le Chéile na Céime agus ó Rang a 6 na scoile s’againne i láthair freisin.

Rinne an trí scoil seastáin a chur suas timpeall ar an halla a léirigh na rudaí a bhí tábhachtach dóibh mar scoil.  Tar éis don Taoiseach óráid a thabhairt agus roinnt ceisteanna a fhreagairt chuaigh sé timpeall ó thaispeántas go taispeántas ag labhairt leis na daltaí.

Mhínigh daltaí Ghaelscoil Thaobh na Coille don Taoiseach  go raibh an Ghaeilge agus an cultúr Ghaelach an-thábhachtach dúinn. D’inis siad dó freisin, go gcuirtear an-bhéim sa scoil ar an gceol agus ar an rince gaelach maraon leis an bpeil agus an iomáint. Dúirt siad leis go mbaineann siad an-taitneamh as an scoil.



CUARDACH



ROGHA TEANGA