22 Deireadh Fómhair 2018
Corn Comhar Linn
Ghlac foireann peile na gcailíní páirt i gCorn Comhar Linn i mbliana. Le linn na cluichí sraithe, bhuamar ar Scoil Bhríde, Cábán tSíle 5.05 v 2.03 agus ar Scoil Shinsireach Naomh Attracta, Baile an tSaoir 3.07 v 2.05 ach bhí Scoil Lorcáin, Baile na Manach beagáinín ró-mhaith dóibh ar an lá agus chailleamar 3.02 v 1.03. Chríochnaigh muid sa dara háit agus cé go raibh muid taobh thiar sa chluiche i gcoinne Scoil Áine Naofa, Leamhcán sa cheathrú craobh, d’éirigh linn an leath chraobh a bhaint amach 2.05 v 1.03. Bhí cailíní na scoile beagáinín ró-láidir (2.03 v 1.02) do Scoil Cnoc Ainbhil, Cnoc Mhuirfean sa chluiche leath cheannais agus bhí an chraobh bainte amach acu.
Imríodh an craobh i bPáirc an Chrócaigh Dé Luain 22 Deireadh Fómhair i gcoinne Scoil Maelruain. Bhí muintir Thamhlachta chun tosaigh 0.03 v 0.01 ag leath ama ach ní raibh cailíní Ghaelscoil Thaobh na Coille sásta géilleadh dóibh agus bhuamar an dara leath 2.04 v 1.03.
Bhí corn Roinn 2 Cumann na mBunscol buaite acu (2.05 v 1.06) agus bhí lucht tacaíochta na scoile – a bhí déanta suas de dhaltaí Rang a 3 go Rang a 6 – ag screadaíl ar bharr a ngutha nuair a bronnadh Corn Comhar Linn ar Chaptaen agus ar Leas-Chaptaen na scoile, Ruth Ní Aoláin agus Sadhbh Ní Bhroin.
Míle buíochas leis an Múinteoir Priestley & an Múinteoir Ó Dubhthaigh a rinne bainistíocht ar an bhfoireann agus le Thurlough Ó Meachair (Daidí Aoibheann) agus Ruth Uí Scannail (Mamaí Kate) as ucht an traenáil a rinne siad leis an bhfoireann le dhá mhí anuas.