Feis Átha Cliath

15 Bealtaine 2019

Bhí an-lá go deo ag daltaí Ghaelscoil Thaobh na Coille amuigh sa Chlasach i nCluain Tarbh ar an gCéadaoin 15 Bealtaine agus iad ag iomaíocht i bhfeis rince Feis Átha Cliath.  Comórtas rince foirne do bhunscoileanna í seo agus bhí daltaí ó 6 bhunscoil éagsúil san iomaíocht. Ghlac daltaí na scoile páirt i dtrí chomórtas: Corr Ceathrar R3/R4, Cor Ceathrar R5/R6, & an Cor Ochtar R5/R6.

64 dalta ar fad ó ranganna 3, 4, 5 agus a 6 a bhí ag rince ar son na scoil sa bhfeis. Bhí ríméad ar na páistí agus na múinteoirí agus iad ag filleadh chun na scoile agus an 1u áit buaite acu ’sna trí chomórtas ina ndearna siad iomaíocht, an 2u áit i ndá cheann acu mar aon leis an t-uafás boinn eile!

Míle buíochas lenár múinteoir iontach rince Nuala Ní Eochaidh as an obair ar fad a dhéanann sí leis na páistí agus as an t-am breise a chaitheann sí leis na daltaí á n-ullmhú don Feis.


CUARDACH



ROGHA TEANGA