16 Bealtaine 2019
Iomáint & Camógaíocht
Ghlac an scoil páirt i gcomórtais iomána agus camógaíochta Cumann na nBunscol arís i mbliana. Shroich na hiománaithe an cheathrú chraobh ach chailleadar 1 – 05 v 1- 03 i gcoinne Scoil Naomh Oilibhéar Pluincéad, Mullach Íde. Tá foireann camógaíochta na scoile tar éis leath chraobh Corn Haughey a bhaint amach.
Corn Andy Gibbons
Comhghairdeachas le R3B a bhuaigh Corn Andy Gibbons roimh Cháisc agus comhgháideachas le R3A freisin as an Sciath a bhuachaint.
Lúthchleasaíocht
Tá traenáil lúthchleasaíochta faoi lán tseoil faoi láthair agus daltaí ó R3 go R6 ag ullmhú le páirt a ghlacadh i gcomórtais lúthchleasaíochta Chumann na mBunscol i Seantraibh níos déanaí an mhí seo. Luan 20 Bealtaine (lúthchleasaíocht páirce) & Luan 27 Bealtaine (lúthchleasaíocht traic).