Seantraibh 2019
Comhghairdeas ó chroí lenár iomaitheoirí lúthchleasaíochta a tháinig abhaile le 23 bonn thar dhá lá iomaíochta i Seantraibh i mbliana. Ritheadh an lá páirce Dé Luain 20 Bealtaine. I measc na buaiteoirí bhí Alex Ní Chléirigh (1ú háit Caitheamh Meáchain F14), Aoife Ní Néill (1ú háit F14 sa Chliathrás), Ruth Ní Aoláin (2ú háit F14 sa 600m), Alice Sincléir (2ú háit sa Léimt Ard F11), Niamh Ní Aoláin (3ú háit sa Chliathrás F11), Grace Nic Aodha (3ú háit sa 600m F11). Bhí an t-ádh dearg ar na páistí ar fad go raibh lá breá gréine ann.
A mhalairt a bhí amhlaidh leis an dara lá – Dé Luain 27 Bealtaine, an lá traic, toisc gur oscail na scamaill agus bhí na hiomaitheoirí fluich go craiceann. Mar sin féin, níor stop sé sin na páistí ag teacht abhaile arís le boinn. Seo a leanas na buaiteoirí a bhí againn: Rás tapaidh 100m F14 1ú háit Ruth Ní Aoláin, Rás tapaidh 60m F10 3ú háit Dylan Ó Dubhthaigh, Rás Sealaíochta Cailíní F10 – 3ú háit – Alannah, Ava, Daisy, Holly, Mia, Rás Sealaíochta Cailíní F11 – 3ú háit – Alice, Chloe, Grace, Katie-Daisy, Niamh, Rás Sealaíochta Cailíní F14 – 4ú háit – Aoife, Charlie, Martha, Meave, Ruth.
Táimid an-bhródúil as na páistí ar fad a ghlac páirt sna comórtaisí lúthchleasaíochta ar fad thar an dá lá, formhór acu a chuaigh ar aghaidh chuig craobhacha ina n-imeachtaí féin. Comhghairdeas le gach pásite a ghlac páirt i Seantraibh.
Ar ábhar eile, tháinig múinteoirí ó scoileanna eile chugainn ag tabhairt moladh don Ghaeilge chruinn a bhí á labhairt acu agus iad ag siúl timpeall Staid Morton. Nach muid a bhí sásta é seo a chloisteáil. Beatha teanga í a labhairt!
Máirín Ní Dhubhthaigh
27 Bealtaine 2019
Lúthchleasaíocht Traic
Lúthchleasaíocht Traic : Buaiteoirí Boinn
Rás Reatha 60m F10 3u Dylan Ó Dubhthaigh
Rás Reatha 100m F14 1u Ruth Ní Aoláin
Rás Sealaíochta na gCailíní F10 3u Alannah, Ava, Daisy, Holly, Mia
Rás Sealaíochta na gCailíní F11 3u Alice, Chloe, Grace, Katie-Daisy, Niamh
Rás Sealaíochta na gCailíní F14 4u Aoife, Charlie, Martha, Meave, Ruth
Rás 100m F14 1u Rás 60m F10 3u
Rás Sealaíochta na gCailíní F10 3u
Rás Sealaíochta na gCailíní F11 3u
Rás Sealaíochta na gCailíní F14 4u
20 Bealtaine 2019
Lúthchleasaíocht Páirce
Lúthchleasaíocht Páirce – Buaiteoirí Boinn
Caitheamh Meáchan F14 1u Alex Ní Chléirigh
Léimt Ard F11 2u Alice Sincléir
Cliathrás F11 3u Niamh Ní Aoláin
Cliathrás F14 1u Aoife Ní Néill
Rás Reatha 600m F11 3u Grace Nic Aodha
Rás Reatha 600m F14 2u Ruth Ní Aoláin
Caitheamh Meachán F14 1u Laoch Lúthchleasaíocht – Ronnie Delaney
Cliathrás F11 3u Cliathrás F14 1u