Maisiúcháin Athchúrsáilte

Tá an Nollaig buaillte linn….tá sé in am an crann Nollaig a mhaisiú

Scríofa ag Kate Ní Cheallaigh & Saoirse Ní Lia R6B

Ghlac an scoil páirt i gcomórtas maisiúcháin Nollag mar chuid de Chomórtas i gComhairle Contae Dhún Laoghaire-Rath an Dún. Bhí ar na maisiúcháin a bheith déanta as ábhair athchúrsáilte nó as ábhar athúsáidte (rollaí páipéar leithris, claibín buidéil plaisteach, sean-bhuidéil plaisteach, boscaí uibheacha &rl.).

Roghnaíodh maisiúchán amháin ó gach rang. Bhí caighdeán den chéad scoth ar na maisiúcháin. Bhí cinneadh dúshlánach le déanamh ag na múinteoirí maisiúchán amháin a roghnú as na maisiúcháin ar fad le cur ar aghaidh don chomórtas.

Roghnaíodh an maisiúchán a rinne Keelin Ní Dhuibhir le cur ar aghaidh mar iarratas Ghaelscoil Thaobh na Coille sa chomórtas réigiúnach i nDún Laoghaire.

 

Tá taispeántas álainn de chuid de na maisiúcháin ar an gcrann Nollag sa phasáiste in íochtar na scoile.


CUARDACH



ROGHA TEANGA