Ag Ceiliúradh 30 Bliain
Osclaíodh doirse Ghaelscoil Thaobh na Coille don chéad uair ar an 1 Meán Fómhair 1995. Is cúis mór bróid dúinne, na daltaí, múinteoirí, tuismitheoirí agus lucht bainistíochta ar fad a bhí bainteach leis an scoil ó 1995 i leith agus gan a n-ionchur, a bhfís, a ndíogras agus a ndúthracht ní bheadh an scoil iontach atá againn inniu ann. Táimid ag súil le ceiliúradh mór a dhéanamh i rith na bliana ar a bhfuil bainte amach againn mar scoil sna tríocha bliana sin. Bhí lá speisialta againn do na daltaí ar an Luan - Bhí caisleáin phreabacha agus uachtar reoite againn do na páistí (agus don na múinteoirí) ar fad. Bhain gach duine an spórt agus spraoi as an lá.