Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Gleacaíocht

D’fhostaigh an scoil seirbhísí ‘School Fitness Ireland’ chun cúrsa sé seachtaine i ngleacaíocht bhunúsach a reáchtáil do dhaltaí R1 go R4. Bhain na daltaí an-taithneamh agus tairbhe as na seisiúin seo agus chuir sé go mór leis an  gclár corpoideachas scoile.

Táimid thar a bheith buíoch don mhúinteoir Sam ó ‘School Fitness Ireland’ a bhí mar chóitseálaí againn. Bhí sé ar fheabhas ar fad agus cé go ndúirt sé ar an gcéad lá gur beag Gaeilge a bhí aige, is i nGaeilge ar fad a mhúin sé na ranganna. Tá ard-mholadh toillte aige. Buíochas freisin leis an mBord Bainistíochta a chlúdaigh costas iomlán na seirbhíse seo.