Feachtas um Shábháilteacht Bóthar
Ghlac daltaí rang a 5 agus rang a 6 páirt i i bhfeachtas feasachta ar shábháilteacht bóthar i gcomhar le daltaí ó Bhunscoil Oideachas le Chéile na Céime, an nGarda Síochána agus an RSA, ar na bóithre lasmuigh den dá scoil ar an Mháirt 20 Eanáir ó 1:00pm go 2:30pm.
Ba é an aidhm a bhí leis an léirsiú ná a chur i gcuimhne do thuismitheoirí agus do thiománaithe eile gur cá dóibh a bheith aireach, cúramach agus iad an tiomáint agus gan saol aon pháiste, aon choisí nó rothaí a chur i mbaol.
Dhear na daltaí póstaeir chun na príomh theachtaireachtaí a chur in iúl:
- Bí aireach
- Tiomáin go mall agus go cúramach
- Caith do chrios sábhála
- Ná bí ar an bhfón nuair atá tú ag tiomáint
