Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Graffiti Classics

Graffiti Classics

20 Samhain 2024

Bhí spórt agus spraoi sa halla nuair a tháinig Graffiti Classics chun na scoile leseinm do na páistí.  Chuir an grúpa ceol seo dhá cheolchoim os comhair na bpáistí agus bhí atmaisféar fíor-spleodrach sa halla don dá cheolchoirm sin! Is grúpa ceoltóirí ar leith iad Graffiti Classics faoi stiúr Cathal Ó Dúill, (deartháir leis an Múinteoir Ní Dhúill) agus rinneadar dhá thaispeántas den scoth, a choinnigh na páistí gafa ó thús deiridh. Sheinn siad píosaí ceoil agus amhráin chlasaiceach ar bhealach tarraingteach, taitneamhach agus fuinniúil. I measc na gceoltóirí, bhí ceathrar ceoltóir d’ardchumas a sheinn an viola, an veidhlín agus an dordveidhil. Bhain na múinteoirí agus na páistí ar fad ard-thaitneamh as na ceolchoirmeacha seo  agus táimid ag súil go mór le fáilte a chur rompu chun na scoile arís amach anseo.