Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Ysgol Gymraeg Morswyn

Gaelscoil Thaobh na Coille &  Ysgol Gymraeg Morswyn


Thug rang ó Ysgol Gymraeg Morswyn, i Holyhead sa Bhreatain Bheag cuairt lae ar Ghaelscoil Thaobh na Coille ar an gCéadaoin seo chaite 11 Deireadh agus chuaigh R6A ar cuairt go Holyhead an Mháirt 17 Deireadh Fómhair agus chaith siad an lá ag gabháil d’imeachtaí  spraoiúla lena gcairde nua ó Ysgol Gymraeg Morswyn.

Bunaíodh an nasc idir an Ysgol Gymraeg Morswyn agus Gaelscoil Thaobh na Coille thiar i 2005 agus tá cuairt bliaintiúl á thabhairt again ar scoileanna a chéile ó shin. Gan dabht chuir ‘blianta Covid’ stop lenár dtaisteal ach tá áthas an domhan orainn gur éirigh linn na cuairteanna a athosú arís i mbliana.

Foghlamaíonn na daltaí sad á scoil dá ghrúpa an-chuid óna chéile agus feiceann siad go bhfuil daltaí i dtír eile atá ag freastal ar ‘ghaelscoil’ cosúil leo féin agus nach bhfuil sé sin chomh ‘hait’ nó chomh ‘neamhchoitianta’ is a cheapann roinnt daoine. Feiceann siad freisin go bhfuil go leoir de na bun luachanna agus na haidhmeanna céanna á chur chun cinn sa dá scoil; béim ar an dteanga, ar an gceol, ar an gcultúr, ar an traidisiún agus gach a bhaineann leí. Eispéireas iontach é seo do na páistí a mhaireann ina gcuimhní i bhfad tar ési dóibh an bhunscoil a fhágáil agus  níos faide.

 Ysgol Gymraeg Morswyn

‘Gaelscoil Breatnaise’ is ea Ysgol Gymraeg Morswyn atá lonnaithe ar Oileán Anglesey sa Bhreatain Bheag. Scoil tumoideachais Breatnaise í agus cosúil linn féin is í an Bhreatnais an teanga theagaisc agus an teanga chumarsáide idir na múinteoirí, na páistí agus  bainistíocht na scoile. Cuirtear an-bhéim sa scoil ar cheol agus ar chultúr na Breataine Bige agus cuirtear béim ar leith ar dhílseacht agus grá don teanga dúchais a mhúscailt sna daltaí. Ar nós muid féin is í an Bhreatnais dara  theanga formhór na ndaltaí a fhreastalaíonn ar an scoil agus tosaíonn breis is 80% dóibh ar scoil gan Breatnais ar bith.