Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Stair na Scoile

Gaelscoil Thaobh na Coille 1995 go 2024

Bunú na Scoile

Tháinig grúpa tuismitheoirí a raibh cónaí orthu i gceantair Ath an Ghainimh le chéile sa bhliain 1993 agus é mar aidhm acu scoil lán-Ghaeilge a bhunú sa cheantair. Bhí páistí réamhscolaíochta acu agus é mar mhian acu oideachas trí mheán na Gaeilge a bheith ag a bpáistí. Bhí an-éileamh ar an dá Ghaelscoil eile a bhí sa cheantar ag an am, Scoil Lorcáin i mBaile na Manach agus Scoil Naithí i mBaile an tSaoir agus ní raibh áit ‘sna scoile sin do pháistí ó cheantair Ath an Ghainimh. Mhothaigh an Coiste bunaithe go raibh na scoileanna sin ró-fhada ó bhaile freisin agus theastaigh uatha go mbeadh Gaelscoil logánta sa cheantair. De dheasca na hoibre a rinne siad osclaíodh Gaelscoil Thaobh na Coille ar an 1 Meán Fómhair 1995. An Príomhoide Emer Nic Chonchradha agus 20 naíonáin shóisearacha a bhí sa scoil an lá sin. Tá thart ar 450 dalta ag freastal ar Ghaelscoil Thaobh na Coille inniu. Ábhar mórtais & bród dúinn uile an fás agus forbairt ata tagtha ar an scoil ón gcéad lá sin.

Gaelscoil Thaobh na Coille

Bunscoil chomhoideachais chaitliceach lán-Ghaeilge í, Gaelscoil Thaobh na Coille. Feidhmíonn an scoil faoi ghnáthrialacha na Roinne Oideachais.Tá Gaelscoil Thaobh na Coille faoi phátrúnacht Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge. Cuirtear fáilte roimh gach páiste sa scoil is cuma cén cúlra teanga, sóisialta, creidimh nó náisiúntachta atá acu.

Éiteas Chaitliceach atá ag an scoil ach cuirtear fáilte roimh dhaltaí ó chreidimh eile freastal ar an scoil.

Scoil saor-oideachais í, a riartar le cúnamh airgeadais ón Roinn Oideachais. Bímid ag brath mar sin féin ar chúnamh ó thuismitheoirí agus ó chairde na scoile chun airgead a bhailiú le cuidiú le costas reatha agus forbartha na scoile.

Is páirtnéirí iad na tuismitheoirí i gcomhoideachas na bpáistí agus tá siad lán-pháirteach i gcur chun cinn agus i bhforbairt na scoile trí Chumann na dTuismitheoirí agus an Bord Bainistíochta. Grúpa tuismitheoirí a bhunaigh an scoil sa bhliain 1995. Osclaíodh an scoil ar an 4ú lá de Mheán Fómhair i gClubtheach Chumann Rugbaí de la Salle Palmerston i gCill Tiarnáin. Bhí an scoil lonnaithe ansin go sealadach  i seomraí réamhdhéanta ar feadh 13 bliain.

Ar an 1 Meán Fómhair 2009 bhogamar isteach inár bhfoirgneamh scoile buan in Eastáit Bheallairmín sa Chéim. Foirgneamh úr-nua, dhá-stór, 16 seomra ranga í atá geal agus fairsing le seomraí ranga móra, áiseanna cearta oideachais do na daltaí & do na múinteoirí, seomraí il-úsáide agus halla tionóil. Tháing forbairt rang amháin in aghaidh na bliana ar an scoil uaidh sin i leith go dtí go raibh sí ina scoil dhá shraith iomlán sa bhliain 2016.